Peil Ghaelach/Gaelic Football

Thosaigh na buachaillí agus na cailíní ar ais ag traenáil peile le déanaí. Tá na foirne ag glacadh páirt sa chomórtas peile le Cumann na mBunscoil. Bhí cluiche ag na buachaillí i gcoinne Rathbeggan agus níor éirigh leo sa chluiche sin. Bhí cluiche ag na cailíní i gcoinne Donore agus bhí an bua acu. Míle buíochas don Múinteoir Ciarán agus Múinteoir Shauna atá i bhfeighil ar na foirne agus do Helen atá ag cabhrú chomh maith. Go n-éirí libh leis na cluichí atá fágtha!